A Máirín de Barra, do mhearaigh tú m'intinn Is d'fhág tú dubhach I dtalamh mé Ar mo luí ar mo leaba dom is ort a bhímse ag cuimhneamh Ar m'éirí dom ar maidin do chealg tú an croí agam
Do thugas, is thugas, is thugas um chroí gean duit Ar Dhomhnach Fhéil' Muire na gcoinneal sa teampall Is do shúilín ba ghlaise ná nimeartha sna ngeamhartha Is do bhéilín ba bhinne ná an druid nuair a labhraíonn
Do shíl mé tú a mhealladh le briathra is le póga Do shíl mé tú a mhealladh le leabhair is le móide Is do shíl mé tú a mhealladh ar bhreacadh na heornan Ach d'fhág tú dubhach dealbh mé, ach a rá gur leat fhéin mé